10 Ach má shiúlann sé san oíche,faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.”
11 Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.”
12 Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.”
13 Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé.
14 Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh;
15 agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”
16 Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”