14 Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh;
15 agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”
16 Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”
17 Ar theacht d'Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama.
18 Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.
19 Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.
20 Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D'fhan Máire ina suí sa teach.