18 Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.
19 Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.
20 Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D'fhan Máire ina suí sa teach.
21 Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.
22 Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.”
23 Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.”
24 “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n‑éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.”