38 Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.
39 Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”
40 Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?”
41 D'aistrigh siad an líog ansin agus d'ardaigh Íosa a shúile agus dúirt:“A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
42 bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí;ach is ar son an tsluaatá ina seasamh anseo i mo thimpeall,a labhair mé,chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”
43 Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!”
44 Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”