50 ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.”
51 Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t‑ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine,
52 agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe.
53 Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis.
54 Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d'imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d'fhan sé ansiúd fara a dheisceabail.
55 Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.
56 Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: “Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?”