12 Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim,
13 thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.”
14 Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa:
15 “Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.”
16 Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis.
17 An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu.
18 Is dá bharrsan chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin.