14 Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa:
15 “Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.”
16 Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis.
17 An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu.
18 Is dá bharrsan chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin.
19 Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”
20 Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile.