18 Is dá bharrsan chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin.
19 Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”
20 Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile.
21 Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d'iarr siad achainí air: “A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad.
22 Tháinig Pilib agus d'inis sé d'Aindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus d'inis siad d'Íosa é.
23 D'fhreagair Íosa iad agus dúirt:“Tá an uair tagthachun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.
24 Amen, Amen, a deirim libh,an gráinne arbhair a thit sa talamh,mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin.Ach má fhaigheann sé bás,tugann sé toradh mór uaidh.