30 D'fhreagair Íosa: “Ní ar mo shonsa,” ar sé, “a tharla an guth, ach ar bhur sonsa.
31 Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo.Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.
32 Má ardaítear mise ón talamhtarraingeoidh mé gach duine chugam féin.”
33 Dúirt sé an méid sin á chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil.
34 D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”
35 Dúirt Íosa leo ansin:“Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag.Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh,i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh.An té a shiúlann sa dorchacht,níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
36 Fad tá an solas agaibh creidigí sa solaschun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.”Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d'imigh agus cheil é féin orthu.