37 Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann -
38 ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?”
39 Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís:
40 “Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”
41 Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.
42 San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
43 Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé.