38 ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?”
39 Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís:
40 “Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”
41 Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.
42 San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
43 Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé.
44 Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt:“An té a chreideann ionamsa,ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.