18 “Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’
19 Táim á insint sin daoibh anois,roimh ré, sula dtarlaíonn sé,i dtreo, nuair a tharlaíonn sé,go gcreidfidh sibh gur mise é.
20 Amen, Amen, a deirim libh,an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim,is mise a ghlacann sé;agus an té a ghlacann mise,glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
21 Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”
22 D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.
23 Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó.
24 Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”