20 Amen, Amen, a deirim libh,an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim,is mise a ghlacann sé;agus an té a ghlacann mise,glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
21 Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”
22 D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.
23 Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó.
24 Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”
25 Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?”
26 D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.