25 Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?”
26 D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.
27 Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!”
28 Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a dúirt sé é sin leis;
29 óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”
30 Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus d'imigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann.
31 Nuair a d'imigh sé amach, dúirt Íosa:“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois,agus tá glóir faighte ag Dia ann.