34 Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,go dtabharfadh sibh grá dá chéile;faoi mar a thug mise grá daoibhse,go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.
35 As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibhmá bhíonn grá agaibh dá chéile.”
36 Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”
37 Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.”
38 D'fhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú d'anam ar mo shon? Amen, Amen, a deirim leat ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!