8 Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!” D'fhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.”
9 Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!”
10 Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní [ach a chosa]; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibhse glan, ach níl gach duine agaibh glan.”
11 Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”
12 Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh?
13 Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin.
14 Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní.