1 Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí:creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
2 Is iomaí áras i dteach m'Athar.Mura mbeadh, d'inseoinn daoibh é.Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,
3 agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh,tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;i dtreo, an áit ina mbeidh mise,go mbeidh sibhse chomh maith.
4 Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”
5 Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”