10 Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa?Na briathra a labhraímse libh,ní uaim féin a labhraím iad,ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa,eisean a dhéanann na hoibreacha.
11 Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa.
12 Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin.Amen, Amen, a deirim libh,an té a chreideann ionamsa,na hoibreacha a dhéanaimse,déanfaidh seisean iad chomh maith,agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad;mar táimse ag dul chun an Athar.
13 Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é,i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.
14 Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm,déanfaidh mé é.
15 Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.
16 Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é,agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibhchun fanacht faraibh go deo -