4 Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”
5 Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”
6 Dúirt Íosa leis:“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
7 Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,d'aithneodh sibh m'Athair chomh maith.Tá aithne agaibh air feasta,agus tá radharc faighte agaibh air.”
8 Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.”
9 Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm?An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.Conas, mar sin, a deir tú:‘Taispeáin dúinn an tAthair’?
10 Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa?Na briathra a labhraímse libh,ní uaim féin a labhraím iad,ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa,eisean a dhéanann na hoibreacha.