11 Dúirt mé na nithe seo libhchun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibhagus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.
12 Is í seo m'aithne:sibh a thabhairt grá dá chéile,faoi mar a thug mé grá daoibh.
13 Níl grá ag aon duine níos mó ná seogo dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.
14 Sibhse mo chairdemá dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
15 Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.Ach thug mé cairde oraibh,óir gach a gcuala ó m'Athair,chuir mé in iúl daoibh é.
16 Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,ach mise a rinne sibhse a thoghadh,agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibhagus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm,go dtabharfadh sé daoibh é.
17 Is iad seo m'aitheanta daoibh:sibh a thabhairt grá dá chéile.