15 Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.Ach thug mé cairde oraibh,óir gach a gcuala ó m'Athair,chuir mé in iúl daoibh é.
16 Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,ach mise a rinne sibhse a thoghadh,agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibhagus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm,go dtabharfadh sé daoibh é.
17 Is iad seo m'aitheanta daoibh:sibh a thabhairt grá dá chéile.
18 “Má thugann an saol fuath daoibh,bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.
19 Dá mba den saol sibhbheadh cion ag an saol ar a chuid féin.Ach de bhrí nach den saol sibhach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol,uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
20 Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh:‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir.Má rinne siad géarleanúint ormsa,déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith.Má choinnigh siad mo bhriatharsa,coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
21 Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh,ar son m'ainmse,mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.