4 Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh.Faoi mar nach féidir don ghéagtoradh a thabhairt uaithi féin,mura bhfanann sí san fhíniúin,sin mar nach féidir daoibhse,mura bhfanann sibh ionamsa.
5 Mise an fhíniúin, sibhse na géaga;an té a fhanann ionamsa, agus mise ann,tugann seisean toradh mór uaidh;óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
6 Cibé nach bhfanfaidh ionamsa,caithfear amach é mar ghéag,agus feofaidh sé;agus tógfar agus caithfear sa tine iad,agus dófar iad.
7 Má fhanann sibh ionamsaagus má fhanann mo bhriathra ionaibh,iarrfaidh sibh cibé ní is mian libhagus déanfar daoibh é.
8 Tugadh glóir do m'Athairsa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh,agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.
9 Faoi mar a thug an tAthair grá domsa,thug mise grá daoibhse chomh maith.Fanaigí i mo ghrá.
10 Má choinníonn sibh m'aitheanta,fanfaidh sibh i mo ghrá,faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar,agus a fhanaim ina ghrá.