1 D'inis mé an méid sin daoibh,ionas nach nglacfaidh sibh scannal.
2 Dúnfar amach as na sionagóga sibh;tá an t‑am ag teacht, fiú amháin,nuair a shílfidh an té a mharóidh sibhgur ag déanamh réir Dé a bhíonn.
3 Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh]de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.
4 D'inis mé an méid sin daoibhionas go mbeadh cuimhne agaibh,nuair a thiocfaidh an t‑am dó,gur inis mé daoibh é.Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thusmar bhí mé in bhur bhfochair.