10 i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;
11 i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreithtugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.
12 Tá mórán eile le rá agam libh,ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
13 ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.Óir ní as féin a labhróidh;labhróidh sé na nithe a chuala sé,agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
14 Tabharfaidh sé glóir domsa,óir is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.
15 An uile ní dá bhfuil ag m'Athair, is liomsa é.Uime sin a dúirt mé:‘Is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.’
16 “Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó,agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm,mar táim ag triall ar an Athair.”