11 i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreithtugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.
12 Tá mórán eile le rá agam libh,ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
13 ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.Óir ní as féin a labhróidh;labhróidh sé na nithe a chuala sé,agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
14 Tabharfaidh sé glóir domsa,óir is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.
15 An uile ní dá bhfuil ag m'Athair, is liomsa é.Uime sin a dúirt mé:‘Is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.’
16 “Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó,agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm,mar táim ag triall ar an Athair.”
17 Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?”