18 Dá bhrí sin dúirt siad: “Cad é an ‘tamall beag’ é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.”
19 Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’
20 Amen, Amen, a deirim libh,beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh,ach beidh an saol ag déanamh áthais.Beidh sibhse buartha,ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.
21 Nuair a bhíonn bean ina luí seoil,bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha.Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe,ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh,le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.
22 Agus sibhse mar an gcéanna,tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh,agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais,agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.
23 An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm.Amen, Amen, a deirim libh,má iarrann sibh ní ar bith ar an Athairtabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.
24 Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm.Iarraigí agus gheobhaidh sibh,chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.