22 Agus sibhse mar an gcéanna,tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh,agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais,agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.
23 An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm.Amen, Amen, a deirim libh,má iarrann sibh ní ar bith ar an Athairtabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.
24 Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm.Iarraigí agus gheobhaidh sibh,chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.
25 Labhair mé an méid sin libh i solaoidí.Tá an t‑am ag teacht,nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí,ach inseoidh mé daoibh go soiléirmar gheall ar an Athair.
26 Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin,agus nílim á rá libhgo ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.
27 Óir tá cion ag an Athair féin oraibh,de bhrí go raibh cion agaibh orm,agus gur chreid sibhgur ó Dhia a ghabh mé amach.
28 Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol.Táim ag fágáil an tsaoil arís,agus táim ag triall ar an Athair.”