26 Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin,agus nílim á rá libhgo ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.
27 Óir tá cion ag an Athair féin oraibh,de bhrí go raibh cion agaibh orm,agus gur chreid sibhgur ó Dhia a ghabh mé amach.
28 Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol.Táim ag fágáil an tsaoil arís,agus táim ag triall ar an Athair.”
29 Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.
30 Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”
31 D'fhreagair Íosa iad:“An gcreideann sibh anois?
32 Féach, tá an uair ag teacht,agus tá sí ann cheana féin,nuair a scaipfear sibh,gach duine chun a bhaile féin,agus fágfaidh sibh mise i m'aonar.Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.