4 D'inis mé an méid sin daoibhionas go mbeadh cuimhne agaibh,nuair a thiocfaidh an t‑am dó,gur inis mé daoibh é.Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thusmar bhí mé in bhur bhfochair.
5 “Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé,agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom,‘Cá bhfuil tú ag dul?’
6 Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh,líon bhur gcroí de bhrón.
7 Insím an fhírinne daoibh, áfach:is é bhur leas mise a imeacht,mar mura n‑imeoidh mé,ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh;ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.
8 Agus nuair a thiocfaidh sé,áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aigei dtaobh an pheaca,agus i dtaobh an chirt,agus i dtaobh an bhreithiúnais.
9 I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam;
10 i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;