1 Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé:“A Athair, tá an uair tagtha.Tabhair glóir do do Mhac,ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:
2 faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine,ionas, gach duine a thug tú dó,go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.
3 Is í seo an bheatha shíoraí:iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin,agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.
4 Thug mise glóir duit ar talamh;tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.
5 Agus anois mar sin, a Athair,tabhair-sé glóir domsa i do láthairleis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair,sula raibh an domhan ann.
6 D'fhoilsigh mé d'ainmdo na daoine a thug tú dom as an saol;ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad,agus tá do bhriathar coinnithe acu.