18 Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol,chuir mise iadsan isteach sa saol.
19 Naomhaím mé féin ar a son,ionas go mbeidh siadsan, chomh maith,naomhaithe san fhírinne.
20 Ní ar a son-san amháin atáim ag guí,ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoinea chreidfidh ionam trína mbriathar;
21 ionas go mba aon iad go léir,faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsaagus mise ionatsa;go mbeidís seo ina n‑aon ionainni dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
22 Agus an ghlóir a thug tú dom,thug mise dóibhsean é,ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;
23 mise iontu-san, agus tusa ionam-sa,ionas go mba aon iad go foirfe,agus go mbeadh a fhios ag an saolgur chuir tú uait mé,agus gur thug tú grá dóibh seofaoi mar a thug tú grá domsa.
24 A Athair, an mhuintir a thug tú dom,is mian liom, an áit ina bhfuilimse,iadsan a bheith ann mar aon liom,ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir,an ghlóir a thug tú dom;mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.