1 Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chidreon. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail.
2 Ba eol an áit do Iúdás, fear a bhraite, mar ba mhinic a chastaí Íosa ann in éineacht lena dheisceabail.
3 Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.
4 Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: “Cé tá uaibh?”
5 D'fhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo.