14 Ba é Cáiafas seo a thug an chomhairle úd do na Giúdaigh gurbh é a leas é go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail.
15 Rinne Síomón agus deisceabal eile Íosa a leanúint. Ba aithnid an deisceabal sin don ardsagart, agus mar sin chuaigh sé isteach le Íosa i gcúirt an ardsagairt,
16 ach d'fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach - é seo a ba aithnid don ardsagart - labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach.
17 Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: “An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?” Dúirt seisean: “Ní hea.”
18 Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh á ngoradh féin. Bhí Peadar comh maith ina sheasamh in éineacht leo, á ghoradh féin.
19 Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc.
20 D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.