19 Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc.
20 D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.
21 Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.”
22 Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”
23 D'fhreagair Íosa é: “Má labhair mé go héagóir, cruthaigh an éagóir; ach má labhair mé go ceart, cén fáth a mbuaileann tú mé?”
24 Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t‑ardsagart.
25 Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé.