22 Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”
23 D'fhreagair Íosa é: “Má labhair mé go héagóir, cruthaigh an éagóir; ach má labhair mé go ceart, cén fáth a mbuaileann tú mé?”
24 Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t‑ardsagart.
25 Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé.
26 Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: “Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?”
27 Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach.
28 Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.