24 Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t‑ardsagart.
25 Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé.
26 Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: “Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?”
27 Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach.
28 Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.
29 Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?”
30 D'fhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.”