4 Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: “Cé tá uaibh?”
5 D'fhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo.
6 Nuair a dúirt Íosa leo: “Is mise é,” tharraing siad siar agus thit siad ar an talamh.
7 D'fhiafraigh sé díobh arís: “Cé tá uaibh?” “Íosa ó Nazarat,” ar siad.
8 D'fhreagair Íosa: “Dúirt mé libh gur mise é. Mar sin, más mise atá uaibh, scaoiligí chun siúil iad seo” -
9 chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé - “Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.”
10 Bhí claíomh ag Síomón Peadar agus tharraing sé é, agus bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas dheas de.