12 Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”
13 Nuair a chuala Pioláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar an Chúirt Phábháilte - Gabata atá san Eabhrais air.
14 Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!”
15 Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”
16 Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta.
17 Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn - a dtugtar Golgota san Eabhrais air.
18 Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill.