20 Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin.
21 Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Pioláit: “Ná scríobh, ‘rí na nGiúdach,’ ach, ‘dúirt sé seo: Is mé rí na nGiúdach.’ ”
22 D'fhreagair Pioláit: “An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.”
23 Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh - sciar don saighdiúir acu - agus an t‑ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.
24 Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.
25 Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
26 Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.”