23 Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh - sciar don saighdiúir acu - agus an t‑ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.
24 Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.
25 Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
26 Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.”
27 Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
28 Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”
29 Bhí soitheach ansiúd lán d'fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é.