34 ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach.
35 Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith.
36 Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.”
37 Agus tá scrioptúr eile a deir: “Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.”
38 Ina dhiaidh sin d'iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit - ba dheisceabal d'Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach - corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead.
39 Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin - é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús - tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.
40 Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach.