6 Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.”
7 D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”
8 Nuair a chuala Pioláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla.
9 Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.
10 Dúirt Pioláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?”
11 D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
12 Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”