2 Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.
3 Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: “Níl aon fhíon acu.”
4 Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós.”
5 Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.”
6 Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann.
7 Dúirt Íosa leo: “Líonaigí na soithí suas le huisce.” Agus líon siad go béal iad.
8 Dúirt sé leo: “Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.”