8 Dúirt sé leo: “Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.”
9 Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t‑uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta,
10 agus dúirt leis: “Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.”
11 Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
12 Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d'fhan siad ann beagán laethanta.
13 Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.
14 Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann.