18 Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: “Chonaic mé an Tiarna,” agus go ndúirt sé na nithe sin léi.
19 Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”
20 Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.
21 Dúirt Íosa leo ansin arís:“Síocháin daoibh!Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise,táimse do bhur gcursa uaim freisin.”
22 Arna rá sin dó, d'análaigh sé orthu agus dúirt leo:“Glacaigí an Spiorad Naomh.
23 Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh,beidh siad maite dóibh;na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí,beidh a bpeacaí coinnithe.”
24 Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa.