1 Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin arís do na deisceabail ag Muir Thibirias, agus seo mar a thaispeáin:
2 Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail.
3 Dúirt Síomón Peadar leo: “Táimse ag dul ag iascach.” “Rachaimidne leat,” ar siad. D'imigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac.
4 Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é.
5 Dúirt Íosa leo: “Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?” “Níl,” ar siad á fhreagairt.