18 “Amen, Amen, a deirim leat.Nuair a bhí tú níos óige,chuirteá féin do chrios umat,agus shiúltá san áit ba thoil leat;ach nuair a thiocfaidh an aois ort,sínfidh tú amach do lámha,agus cuirfidh duine eile do chrios umat,agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.”
19 Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: “Lean mise.”
20 D'iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: “A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?”
21 Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: “Cad mar gheall air seo?”
22 Dúirt Íosa leis: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise.”
23 Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”
24 Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise.