19 Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: “Lean mise.”
20 D'iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: “A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?”
21 Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: “Cad mar gheall air seo?”
22 Dúirt Íosa leis: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise.”
23 Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”
24 Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise.
25 Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh á scríobh.