8 Ach tháinig na deisceabail eile sa long mar níorbh fhada ón talamh iad, ach timpeall dhá chéad banlámh; agus tharraing siad an eangach lán d'iasc ina ndiaidh.
9 Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi.
10 Dúirt Íosa leo: “Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois.”
11 Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d'éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.
12 Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é.
13 Tháinig Íosa agus thóg an t‑arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.
14 Is é sin anois an tríú huair a thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail tar éis do aiséirí ó mhairbh.