2 Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”
3 D'fhreagair Íosa:“Amen, Amen,” ar sé leis,“mura nginfear duine athuairní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
4 Dúirt Níocodaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d'fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”
5 D'fhreagair Íosa:“Go deimhin féin a deirim leat,mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad,ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
6 An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í;an ghin ón Spiorad is spiorad í.
7 Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’
8 Séideann an ghaoth mar is áil léi.Is clos duit a glór,ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí.A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”